Hannah Arendt

Teoiricí polaitíochta agus iriseoir Gearmánach, dá tugadh saoránacht Mheiriceánach, ab ea Hannah Arendt, nó Johanna Arendt mar a tugadh uirthi nuair a rugadh í. Do rugadh Arendt i Linden, baile atá ina chuid den gcathair Hannover anois, ar an 14ú lá de Dheireadh Fómhair sa mbliain 1906 agus do fuair sí bás i gcathair Nua-Eabhrach, ar an 4ú lá de Mhí na Nollag sa mbliain 1975.

Giúdach ab ea Arendt agus, dá bharr, níorbh fhéidir léi fanúint i nGearmáin na Naitsithe - go háirithe agus í ina gníomhaí polaitíochta. D'fhág Arendt a tír dhúchais sa mbliain 1933 agus do chaith sí blianta sa bhFrainc sular éirigh léi, lena fear céile agus lena máthair dul chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá. Toisc gur baineadh a saoránacht Ghearmánach di sa bhliain 1937, do bhí Arendt gan stát go dtí gur fuair sí saoránacht Mheiriceánach sa mbliain 1951. Ón mbliain sin amach, do thugadh sí Gearmánach-Meiriceánach uirthise.

Cé go raibh dlúthbhaint ag Arendt leis an bhfealsúnacht ar feadh a saoil - do dhein sí staidéar ar an bhfealsúnacht in Ollscoil Mharburg, in Ollscoil Fhreiburg agus in Ollscoil Heidelberg; níos déanaí, do scríobhadh sí ailt fén bhfealsúnacht pholaitíochta agus do bhí an fhealsúnacht á múineadh aici i gColáiste Bhrooklyn -, níor thugadh sí "fealsúnaí" uirthi féin agus ní raibh sí sásta "Fealsúnacht Pholaitíochta" a thabhairt ar shaothair dá cuid. Do bhí sé de nós aici a rá gur "Teoiric na Polaitíochta" a bhí ina saothair agus gur staraí a bhí inti féin.

Foilsíodh an saothar is cáiliúla de chuid Arendt, ''Bunús an Ollsmachtachais'' (Béarla: ''The Origins of Totalitarianism''), sa mbliain 1951. Is é an leabhar siúd an leabhar is tábhachtaí dá scríobh Arendt fén bpolaitíocht. Ó thaobh na fealsúnachta de, áfach, is é ''An Staid Dhaonna'' (Béarla: ''The Human Condition''), leabhar a foilsíodh den gcéad uair sa mbliain 1958, an saothar is tábhachtaí dá cuid. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1 - 8 toradh á dtaispeáint as 8 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Arendt, Hannah', am an iarratais: 0.01s Refine Results1
  1. 1
    Bibliotheek François Vercammen
    Le Arendt, Hannah
    Date 1972
  2. 2
    Met indexen
    Le Arendt, Hannah, Nettl, J.P.
    Date 1989
  3. 3
    Bibliotheek François Vercammen
    Archief Wouter Steenhaut
    Le Arendt, Hannah
    Date 1965
  4. 4
  5. 5

    Le Arendt, Hannah
    Date 1970
  6. 6
    Uit "Der Monat" 23(1960) 243
    Le Arendt, Hannah
    Date 1960
  7. 7
    Filosofische vergelijking van de Franse (1789) en Amerikaanse revolutie (1775-1783)
    Le Arendt, Hannah
    Date 2009
  8. 8
    Oorspronkelijke eerste uitgave New York: Harcourt, [1951]
    Le Arendt, Hannah, Power, Samantha
    Date 2004