Adolf Hitler
Bhí
Adolf Hitler (
20 Aibreán 1889 –
30 Aibreán 1945) ina cheannaire (nó ''Führer'') ar an n
Gearmáin ón mbliain
1933 go dtína bhás sa bhliain
1945. Ba eisean a thosaigh ar an gcogadh ar an b
Polainn, rud a chuir tús leis an
Dara Cogadh Domhanda, arbh é a thoradh é gur tháinig deireadh lena réimeas féin. Ar dtús, d'éirigh leis post an tSeansailéara, is é sin, an phríomhaireacht, a bhaint amach, agus ansin, chuir sé Acht na gCumhachtaí i bhfeidhm, a chuir ar a chumas an tír a rialú beag beann ar an bparlaimint. Nuair a bhí sé i gceannas ar an tír, bhunaigh sé stát ollsmachtúil nár fhág cead cainte ar bith ag an bhfreasúra, agus bhain sé an chuid ba mhó de na cearta sibhialta de na saoránaigh. Rinne sé géarleanúint chruálach ar a chuid naimhde polaitiúla, ar nós na g
Cumannach, na n
Daonlathach Sóisialta, agus a lán dreamanna eile. Bhí an
ciníochas fite fuaite trína shaoldearcadh, ionas nach raibh meas an mhadra aige ar na Giúdaigh ná ar na Slavaigh. D'fhéach sé le
Giúdaigh uile na h
Eorpa a mharú, agus leis an bplean seo—"
Fuascailt Dheiridh na Ceiste Giúdaí"—a chur i bhfeidhm, thóg lucht a leanúna campaí géibhinn ar fud na hEorpa leis na Giúdaigh a thachtadh ina sluaite le gás nimhe. Nuair a bhí díormaí an
Airm Dheirg ag cúngú air i m
Beirlín, chuir sé lámh ina bhás féin in éineacht le boic mhóra eile an pháirtí, go háirithe
Joseph Goebbels. Go gairid roimh a bhás, phós sé
Eva Braun, a bhí mar leannán aige le fada.
Curtha ar fáil ag Wikipedia