George Orwell

Úrscéalaí, scríbhneoir aistí, iriseoir, agus léirmheastóir Sasanach ab ea Eric Arthur Blair (25 Meitheamh 1903 – 21 Eanáir 1950). Bhí aithne níos fearr air faoina ainm cleite George Orwell 25 Meitheamh 190321 Eanáir 1950. Áirítear Orwell ar scríbhneoirí móra na fichiú haoise. Ba iad an dá úrscéal mhóra pholaitiúla, mar atá, Animal Farm (1945) agus Nineteen Eighty-four (1949) a thuill clú domhanda dó. Aoir faoin Aontas Sóivéadach is ea an chéad cheann acu, agus é scríofa as peirspictíocht an tSóisialaí mheasartha nár thaobhaigh riamh leis an leagan Sóivéadach den chumannachas. An dara ceann acu, is úrscéal diostóipeach é, agus é ag trácht ar dhomhan na todhchaí atá roinnte idir trí mhórchumhacht ollsmachtúla. D'aistríodh an dá leabhar go lear maith teangacha. Mar sin féin, bhí Orwell i ndiaidh seal maith a chaitheamh ina scríbhneoir roimhe sin féin, agus é ag scríobh iriseoireacht, aistí, úrscéalta agus, fiú, beagáinín filíochta.

Fear meánaicmeach ab ea Orwell a chuaigh leis an sóisialachas i ndiaidh an tseala a chaith sé ina phóilín impiriúil i mBurma. Chuaigh sé go dtí an Spáinn le páirt a ghlacadh sa Chogadh Cathartha ansin, cosúil le cuid mhaith d'intleachtóirí clé a linne. Cé go raibh luí áirithe aige leis an Sóisialachas réabhlóideach, dhruid sé riamh siar ón gCumannachas, agus é, fiú, den tuairim gur "fórsa frithréabhlóideach" é an Páirtí Cumannach. Chuir sé go fíochmhar in aghaidh idé-eolaíochtaí ollsmachtúla na fichiú haoise, idir Naitsíochas agus Stailíneachas. Bhí tuiscint ghéarchúiseach aige d'éirim na hollsmachtúlachta, agus na coincheapa is na focail a chum sé le tagairt a dhéanamh do mheon na tíorántachta, ar nós an Deartháir Mór (''Big Brother''), an nuachaint (''newspeak'') agus araile, úsáidtear i gcónaí iad le cur síos a thabhairt ar an dóigh a gcoinníonn na deachtóirí intinn na saoránach faoi smacht. clé|mion|277x277px|BBC 1940 Curtha ar fáil ag Wikipedia
1 - 6 toradh á dtaispeáint as 6 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Orwell, George', am an iarratais: 0.03s Refine Results1
  1. 1
    Zie ok Engelstalige digitale versie '1984' / George Orwell (3 hoofdstukken)
    Le Orwell, George
    Date 1971
  2. 2
    De eerste druk van de oorspronkelijke uitgave is verschenen in 1938 bij Secker and Warburg Londen, onder de titel 'Homage ...

    Cur síos iomlán


    Le Orwell, George
    Date 1964
  3. 3
    Bibliotheek François Vercammen
    Le Orwell, George, Symons, Julian
    Date 1962
  4. 4
    DIGITAAL TE RAADPLEGEN IN DE LEESZAAL
    Eerste publicatie: Polemic - GB, London - mei 1945 ; herdrukt "England your England and ...

    Cur síos iomlán


    Le Orwell, George
  5. 5
    DIGITAAL TE RAADPLEGEN IN DE LEESZAAL
    Zie ook Nederlandstalige gedrukte versie '1984 / George Orwell
    Zie 'Anarchy is order' ...

    Cur síos iomlán


    Le Orwell, George
  6. 6
    Fonds Perrone
    Le Orwell, George
    Date 1976