Constáblacht Ríoga na hÉireann
|mion|Léarscáil de dhlínse Chonstáblacht Ríoga na hÉireann.Constáblacht Ríoga na hÉireann ("Royal Irish Constabulary", RIC), nó "na saighdiúirí dubha", mar a thugtaí ar na constáblaí sa Ghaeltacht (cf. saothar Sheáin Bháin Mhic Mheanmain), ar ceann den dá chonstáblacht a bhí ag obair in Éirinn i dtús na fichiú haoise, in éineacht le Póilíní Chathair Átha Cliath (Dublin Metropolitan Police). Bhí constáblachtaí dá gcuid féin ag Doire agus ag Béal Feirste roimh an mbliain 1870, ach scoireadh sa bhliain sin iad, ó bhí siad sáite san fhoréigean seicteach. Ba í an Chonstáblacht Ríoga a ghlac uirthi cúraimí na gconstáblachtaí seo ansin. Sa bhliain 1922, cuireadh deireadh leis an gConstáblacht Ríoga, agus tháinig dhá fhórsa poilíneachta nua ina háit, mar atá, an Garda Síochána i Saorstát Éireann agus Constáblacht Ríoga Uladh (''Royal Ulster Constabulary'', RUC) i dTuaisceart Éireann.
Caitlicigh ab ea formhór mór na gconstáblaí, ach ní raibh siad chomh coitianta sin i measc an lucht ceannais. Bhí córas póilíneachta na Constáblachta Ríoga ina mhúnla do Phóilíní Capall Iarthuaisceart Cheanada, nuair a bhí rialtas cónaidhme Cheanada ag iarraidh an bealach ab fhearr a oibriú amach leis an dlí a choinneáil i bhfeidhm sna Críocha Thiar Thuaidh. Curtha ar fáil ag Wikipedia