Oscar Wilde
Ba dhrámadóir, úrscéalaí, scríbhneoir aistí agus file Éireannach é '''Oscar Fingal O'Flahertie Wills Wilde''' (16 Deireadh Fómhar 1854 - 30 Samhain 1900). I ndiaidh dó a bheith ag scríobh i roinnt slí éagsúla sna 1880idí, tháinig cáil air mar drámadóir i Londain sna 1890idí. Tá aithne ag daoine air de bharr a eipeagram, a úrscéal ''The Picture of Dorian Gray'' agus na drámaí a scríobh sé.Ba é bua an ghoineadóra a thabhaigh a chlú dó, nó bhí sé ábalta an focal ceart a aimsiú gan teip. Mar a dúirt an té a dúirt: "Tá mé ag tagairt d'fhocail Oscar Wilde - mar a dhéanann cách".
Mar sin féin, tháinig drochdheireadh le saol Wilde. Chuaigh sé le homaighnéasachas, rud a raibh meas na mórchoire ag lucht a linne air, agus nuair a tháinig an scéal seo chun solais, ba é a chabhóg é. Chaith sé seal i bpríosún de dheasca na "mígheanmnaíochta tromchúisí" seo, agus fuair sé a shláinte scriosta ag filleadh chun saoirse dó. An cúpla bliain saoil a bhí fágtha aige, chaith sé faoi léan agus faoi dhímheas é. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1 - 13 toradh á dtaispeáint as 13 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Wilde, Oscar', am an iarratais: 0.04s
Refine Results1
-
1Gairmuimhir: MAD/875.28
-
2Gairmuimhir: MAD/129.11
-
3
-
4Gairmuimhir: MAD/131.03
-
5Gairmuimhir: MAD/5072.09
-
6Gairmuimhir: SD-MB/100
-
7Gairmuimhir: Hulpdepot B64_1
-
8Gairmuimhir: MAD/1026.15
-
9Gairmuimhir: Hulpdepot B139_2
-
10
-
11Gairmuimhir: Hulpdepot B177_5
-
12Gairmuimhir: Hulpdepot B216_3
-
13